An teach a bhí acu, ceann tuí agus tine oscailte. An saol mar a bhí agus an fómhair a bhí le baint. Rinne sé corr phunt a shaothrú ag treabh le péire beithíoch ar na feirmeacha beaga sa chomharsanacht. Bhí léir oibre le déanamh ach bhí na daoine i bhfad níos folláine ná mar atá siad anois. Ní raibh mórán ailse ann san am sin. Bhí an saol níos nádúrtha, rinne a mháthair arán, bhí crochadh ar an tine, urlár créafóige agus cuirtín sa chistin. Cur síos ar am dinnéir ina óige agus chuirfidh na préataí isteach sa lasaid agus d’fhágtaí ina shuí ar an phota é. An saol níos simplí. An tuí a chuirtí ar na tithe. | 00:07:50 | |